Mi, chica, Mi Novia, Mi Amor


[Foilsithe den chéad uair i Wordpress]

Saighdiúr le taobh an bhóthair, a lámh in airde aige.
B’fhearr stopadh.
‘An dtabharfá cuid den mbealach mé?’ Aghaidh óg shoineanta.
‘Cinnte suigh isteach. Cá bhfuil do thriall?”
“Jimani.”
“An bhfuil an bóthar go maith?”
“Tá.”
“Rachaimid ann mar sin.”
Bóthar go Jimani
Ag an chéad bhaile eile, stop siad le greim a ithe. Plátaí móra ríse agus piseanna agus feola, buideal mór Fanta don saighdiúir. Ocht mbliana is fiche d’aois, deich mbliana caite san arm aige, ina leifteineant de chineál éigin, gan airgear ar ndóigh. Bhí an-áthas air go raibh duine eile ag íoc as a bhéile, timpeall 200 peso (€4)  don bheirt.
Triúr ag ‘geata’’ an chéad bhaile eile, rampa nó uchtóg ard moillithe a scriosfadh cabhail an charr go luath mura mbeadh a fhios ag tiománaí conas dul thairis, agus ní raibh a fhios sin ag an tiománaí as Éirinn. Áit mhaith le síob a lorg. D’aithin an paisinéir iad. Isteach leo sa suíochán cúil, beirt sna ficheadaí, duine beagán níos sine, ag filleadh chun na beairice i Jimani tar éis tamall saoire.
Mhúin siad don tiománaí an roth stiúrtha a chasadh go mear agus é ag dul thar rampa. Baineadh torann as cabhail an charr cúpla babhta eile ach tar éis dul trí chúpla pueblo eile bhí an inlíocht i gceart aige.
Diarr siad éisteacht leis an raidió. Rinneadh an tiúnáil go dtí go raibh siad sásta leis an cheol a bhí le cloisteál.
“Sin é, ceol maith. An bhfuil a fhios agat cad é atá ann?”
“Reggaeton?”
“Maith thú. Ní strainséar tú ar chor ar bith”.
Bhí siad ag comhrá eatarthu féin tamall ansin, faoina gcuid ban. Duine ag caint faoi ‘chica’ (cailín), duine faoina ’novia’ (nuachar nó leannán fadtéarmach) agus luaigh fear eile ‘mi amor’ (mo ghrá). Idirdhealú spéisiúil.
Jimani, baile beag teorann, cuma shalach chaite dheannachúil air. Amach leis na saighdiúirí óga as an charr, dúirt an té ba shine go bhfaigheadh sé teach ósta don strainséar. Chuir an chéad teach a mhol sé uafás ar an tiománaí, bloc concréide le fuinneoga bídeacha agus balla ard gránna mórthimpeall air.
‘An mbeadh áit éigin beagán níos fearr ná sin ann?’
Porte au Prince márta11_Iarla 3
Ar aghaidh leo tamall eile, go teach fada íseal le geata leathan miotail. Ní raibh droch-chuma air, shamhlófá é i gcóilíneacht the éigin de chuid na Breataine in oirthear na hAfraice. Bhí cailíní ag suí thar ar an linn snámha.
Porte au Prince márta11_Iarla 2
Bhuail amhras an tÉireannach
“ní teach striapachais é seo?”
“Cinne ní hea, níl ann ach go dtugann siad cead do na daoine óga an linn a úsáid. Beidh tú féin agus do charr breá sábháilte anseo. Go raibh maith agat as an síob agus ádh mór.”
Porte au Prince márta11_Iarla 7
Pháirceáil sé an Nissan agus isteach leis. Fear óg as Háítí a chuir fáilte roimhe. Dúirt sé go raibh sé anseo ar an teorainn ó leagadh a theach  bliain roimhe sin sa chrith talún. ‘Shábháil Dia mé’, ar seisean. ‘Rug m’aintín orm agus tharraing sí amach mé agus na ballaí ag titim orm.’
‘An Críostaí tú’?’ ar seisean.
‘Ba ea tráth, ach ní thuigim cad chuige a mbeadh duine ar bith ina Chríostaí nuair a fheiceann sé an éagóir sa domhan.’
‘Bhí muid lofa le peacaí, go háirithe na Caitlicigh. Díoltas Dé a bhí sa chrith talún.’
‘Má bhí fearg ar Dhia tuige ar leag sé Porte au Prince? Nach mbeadh an íde sin tuillte níos mó ag  Nua Eabhroc, Páras nó Londain?’
Lean an comhrá ar aghaidh i Fhraincis.  Tháinig fear óg eile an bealach. Chuir sé ceist an mbeadh aon obair ar fáil ‘i do thír’.
‘Tá eagla orm nach bhfuil, tá na céadta míle ag imeacht as Éirinn ó theip ar na bancanna…. Mura bhfuil tú i do dhochtúir níl aon seans duit in Éirinn.
Porte au Prince márta11_Iarla 5
Chuir an chéad duine ceist air.
“An mbeifeá ábalta cabhrú liom? Tá $50 ag teastáil uaim le pas a cheannach, beidh mé ábalta an teorainn a fhágáil agus dul go Santo Domingo, obair a lorg in óstán ansin.’
‘An bhféadfá mé a thabhairt go Porte au Prince ar maidin agus mé a threorú ar feadh an lae? Tabharfaidh mé $50 duit ansin, maith go leor?’
‘Cinnte. Beidh mo dheartháir anseo in ann mo chuid oibre a dhéanamh amárach.’
Tháinig cailín beag isteach agus chuaigh go dtí an strainséara. Í cairdiúil grámhar. ‘Ní raibh mé ar scoil riamh,’ ar sí.
Porte au Prince márta11_Iarla 6
Theastaigh uaithi suí ar a ghlúin, agus mhothaigh sé míchompordach. Chaithfí amhras ar fhear a chuirfeadh cailín beag ar ghlúin in Éirinn. ‘Cá bhfuil do mháthair?’ ar seisean léi.
‘Sin thall í, glanann sí na seomraí agus déanann sí an bricfeasta.’
Rinne sé beagán eile comhrá léi roimh dhul chuig an seomra a bhí curtha in áirithe ar feadh dhá oíche.
Bhí na daoine go deas ach cuma ar dhoras an tseomra leapa gur briseadh an glas air go minic. Níor chuidigh sé sin, na smálanna dorcha sa bhfolcadán ná scairteanna na gcoileach leis codladh na hoíche a dhéanamh.
Ach bhí sé ag tnúth go mór le turas na maidine chuig tír a bhí ina shamhlaíocht le blianta fada ó chonaic sé leabhar ag a athair tráth faoi Papa Doc.

Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne