Entradas

Mostrando entradas de junio, 2016

Machnamh an duine doilíosaigh

Scríobh bean nár chuala mé iomrá riamh uirthi alt san Irish Times tamall ó shin agus tá Gaeilgeoirí ag at agus ag pléascadh le fearg mar go ndúirt sí nach bhfuil aon ghá le Gaeilge. An comhartha seanaoise é nár bhac mé leis an alt a léamh, ná an díospóireacht a lean é? Bíonn ailt dá leithéid sna páipéir 'náisiúnta' ó am go ham, agus leagan éigin den argóint chéanna iontu. Ní amháin gur cur amú ama é Gaeilge a fhoghlaim ach déanann sé dochar d'intinn agus d'anam an linbh, a mhaítear, agus ar aon nós níl aon ghá le Gaeilge le bheith i d'Éireannach. Fanaim amach as an díospóireacht agus an argóint de ghnáth mar gur fáinne fí an mhearbhaill é a bheith ag spairn le naimhde agus 'cairde' na Gaeilge. Cinnte is féidir le duine a bheith ina Éireannach gan Gaeilge, ach ní haon ábhar bróid é a bheith Éireannach, go deimhin is náire a chuireann an tÉireannachas orm féin de ghnáth. Is Gael mise, ní féidir le hÉireannach gan Gaeilge a bheith ina Ghael.  Ar an droch