Entradas

Mostrando entradas de julio, 2016

Oíche chomh te le hIfreann

Imagen
Bhí mé ag cruinniú éigin i Háítí , cé go raibh cuma ró-ghalánta ar an halla. Ag plé rudaí éagsúla, deisiúchán ar na bóithre tar éis na stoirme, daoine as eagraíochtaí éagsúla, fíorbheagán de mhuintir na háite.  Tháinig bean chugam agus thug sí pláta beag dom, cosúil leis na plátaí beaga a bhíonn i mbialanna seapánacha don anlann soighe.  ‘Cad é seo?’ arsa mise ag amharc air. Ní raibh aon rud scríofa air. ‘Beidh tú ag fáil gradaim nuair a théann tú ar ais go Baile Átha Cliath’, ar sise. ‘Gradam? Tuige? Cé uaidh? ‘Ó Podemos na hÉireann.’ D’imigh sí. Bhí Ruairí Ó Brádaigh ag caint liom ansin.  Bhí dhá phláta aige sin. Ceann mór a raibh a lán scríbhneoireachta air, nach raibh mé ábalta a léamh.  Ceann beag le hainm scríofa air: ‘Nicaragua Ó Cualáin.’ ‘Duine éigin as Conamara a bhí i Meiriceá Láir ar son na cúise?’ arsa mise. ‘Ní hea. A mhac. D’ainmnigh sé a mhac tar éis dó seal a chaitheamh ag troid ar son na Saoirse i Nicaragua.’ ‘Ach nach é

Fadó fadó in Éirinn

An Spá, 1960: An leanbh ina shuí leis féin sa chistin. Gliogar ón tine, dorchadas ag titim,  fuaimeanna beaga, ainmhithe nó feithidí i mbun a ngnó,  an gasúr ar chathaoir adhmaid, ag machnamh.  Ach níl trí bliana slánaithe go fóill aige. An mbíonn leanbh ag machnamh? Tagann a athair isteach: "an bhfuil tú ansin leat féin, tá sé in am dul a chodladh".  Tuairim éigin go raibh faillí déanta, mé dearmadta, nach fiú a dhath a iarraidh.  Má imrím le haon rud go mbeidh sé briste,  má ithim aon rud go mbeidh siad ar buile liom,  níl cead,  ná déan,  ná bac,  fan ciúin,  má dhéanann tú iarracht imeacht amach béarfar ort,  coinneoimid súil ort i gcónaí,  níl sé in ndán duit a bheith sásta  ná déan iarracht ach nuair a ordaítear duit,  níl cead níl cead níl cead.  Ag teacht abhaile ón trá, cos clúdaithe le gaineamh.  Nuair a nitear í tá sí gearrtha go dona,  an craiceann oscailte mar bhéal, ach níor mhothaigh mé tada.  Cén fáth nár t