Entradas

Mostrando entradas de septiembre, 2016

Úll Réidh Aibí

Imagen
Fadó fadó nuair a bhí mé óg agus fonn orm tabhairt faoin scríbhneoireacht, chuir mé alt nó dhó chuig Gearóid Stockman a bhí ina eagarthóir ar An tUltach ag an am. Bhí, agus tá, mo chuid lámhscríbhneoireachta go fíordhona, agus d'iarr sé orm iad a athscríobh agus spás go leor a fhágáil idir na línte sa dóigh go mbeadh sé ábalta ceartúcháin a dhéanamh a bheadh inléite ag an té a bheadh á chlóscríobh. Bhí clóscríobháin ag cairde saibhre (mic léinn as na Sé Chontae a raibh deontas flaithiúil na Ríochta acu) agus shantaigh mé ceann de na hinnill sin, agus d'éirigh liom ceann a fháil ar iasacht ó rúnaí le cleachtadh sular cheannaigh mé mo Smith Corona leictreach cúig bliana is tríocha ó shin, ar mholadh chara. Bhíodh orainn an síneadh fada a scríobh isteach ar na leathanaigh an uair sin, ach ba ar inneall den chineál sin a scríobh mé an tráchtas M/Phil, ailt agus scéalta agus leabhar nó dhó. Rinne sé gnaithe breá ar feadh tamaill is dócha, ach bhí iriseoirí agus scríbhneo

Badajoz 1812

Imagen
Rinne mé trácht ar shléacht a rinne i gcathair Badajoz na Spáinne ag tús an chogaidh chathartha ochtó bliain ó shin, agus luaigh mé gur tharla a leithéid cheana, agus go raibh na mílte Éireannach páirteach. Agus thosaigh mé ag amharc ar an stair a bhaineann leis an eachtra agus chuaigh mé in abar na gcuntas éagsúla faoi Napoleon agus Wellington, an Spáinn agus an Phortaingéil, reisimintí agus airm agus gléasanna iomarbhá agus léigir agus leaganacha éagsúla den stair. Le scéal fada a dhéanamh gearr rinne Napoleon ionradh ar an Spáinn agus ar an Phortaingéil sa bhliain 1807 mar gheall ar an mbagairt go mbeadh Sasana ábalta an leithinis a úsáid le ionsaí a dhéanamh ar an Fhrainc. (Bhí cabhlach na Spáinne scriosta ag Nelson cúpla bliain roimhe sin agus smacht ar feadh seal ag Cabhlach na Breataine ar an Atlantach.  Ba chomhghuaillithe iad na Sasanaigh agus na Portaingéalaigh ón cheathrú haois déag i leith agus in ainneoin iarrachtaí na Fraince ní raibh moill ar Shasana cabhlach agus arm